Bunaíodh fóchumann Ghaoth Dobhair sa bhliain 1931. Bhain said Craobh Mionúr Dhún na nGall sna blianta 1933 agus 1934. Bhain said an Chraobh Shinsireach sa bhliain 1935. Bhuail siad Ruagairí na Rosann agus An Clochán Liath san Iarthar; Cúil na gCuirdín sa chluiche leath-cheannais agus Bun Dobhrán sa chluiche ceannais. Ba é Eoghanaí Hughie Mac Pháidín laoch mór na bliana. Deirtear gur scóráil sé fiche pointe in éadan an Chlocháin Léith i Machaire Gáthlán.


(1)      1935 v Bun Dobhráin 2-8/0-3 Sna Gleanntaí

Buaiteoirí Craobh Sinsir 1935

Charlie Mac Giolla Easpaig, Tadhg Ó Duibhir, Tóm Ó Duibhir, Hiúdaí Mac Giolla Bhríde, Hiúdaí Ó Gallachóir, Eoghan Ó Baoill, Míchéal Ó Closcaigh, Con Mac Lochlainn, Jimmy Ó Baoill, Hughie Dunlop, Jimmy Mac Giolla Chomhaill, Francie Mac Fhlaithbheartaigh, Owenie Mac Pháidín, Pádraig Ó Colla agus Danny Mac Giolla Easpaig.


(2)      1938 v Ard an Rátha 1-7/0-5 Sna Gleanntaí

Buaiteoirí Craobh Sinsir 1938

Bhain Gaoth Dobhair Craobh an Iarthair I 1938 nuair a bhuail siad An Clochán Liath I nDún Fionnachaidh (bhí idir 6000 agus 7000 i láthair, deirtear). Bhuail siad Naomh Adhamhnán sa chluiche leathcheannais ar an láthair chéanna agus bhuail siad Ard an Rátha “in the best game that has ever been witnessed in the concluding bout of the Dr. Maguire Cup since the competition was inaugurated”. B’iad Jackie Phaddy Óig agus Hiúdaí Beag na laochra.

Jimmy Mac Comhaill, Tom Ó Duibhir, Jackie Ó Gallachóir, Dan Mac Fhionnghaile, Eoghan Ó Baoill, Hiúdaí Ó Gallachóir, John Mac Suibhne, Pádraig Ó Colla, Pádraig Mac Giolla Easpaig, Hughie Mac Suibhne, Jimmy Mac Giolla Chomhaill, Hughie Ó Rabhartaigh, Dónal Ó Breisleáin, Hughie Dunlop agus John Ó Dúgáin.


(3)       1941 v Na Gleanntaí 0-10/2-3 An Clochán Liath

Bhuail Gaoth Dobhair An Clochán Liath agus na Crones agus Eoghan Rua (An Fál Carrach/Dún Fionnachaidh/An Craosloch) san Iarthar sa bhliain 1941. Bhuail siad Rockhill (foireann an Airm) sa chluiche leath-cheannais agus na Gleanntaí i gcluiche millteanach ceannais ar an Chlochán Liath. Fuair Jackie ocht bpointe an lá sin.

Jimmy Mac Comhaill, Tom Ó Duibhir, Jackie Ó Gallachóir, Neilly Mac Aodha, Eoghan Mór Ó Baoill, Dan Mac Fhionnghaile, Séamus Ó Cearnaigh, Pádraig Mac Giolla Easpaig, Danny Mac Giolla Easpaig, Tommy Ó Dufaigh, Dónall Ó Breisleáin, Brianí Ó Duibhir, Hughie Ó Rabhartaigh, Hughie Mac Suibhne agus Charlie Ó Fríl.


4-7 Rinne Gaoth Dobhair an 4-in-a-row idir 1944 agus 1947.

Ghread siad Naomh Adhamhnán 4-10/3-4 I 1944. Fuair siad cúl sa bhomaite dheireannach in éadan Bhéal Átha Seanaidh leis an chluiche ceannais a chothromú I 1945 agus bhain siad athimirt iontach 4-5/1-6 (Hiúdaí Beag 2-3 sa dara leath). B’éigean réiteoir a thabhairt as Maigh Eo an lá sin. Bhuail Gaoth Dobhair Naomh Adhamhnán 0-7/0-6 I Leitir Ceanainn I gcluiche ceannais na bliana 1946. Seán Mac Cumhaill a bhí i mbun na fídeoige. Bhain Gaoth Dobhair a gceathrú Craobh as-a-chéile ar a bhfód dúchais féin I Machaire Gathlán I 1947 nuair a bhuail siad Naomh Adhamhnán arís 1-9/0-3.


(4)        1944 v N. Adhamhnán 4-10/3-4 sna Gleanntaí

Eddie Mac Giolla Easpaig, Danny Ó Dónaill, Jackie Ó Gallachóir, John Mac Suibhne, Hiúdaí Ó Gallachóir, Séamus Ó Cearnaigh, Francie Ó Maonaigh, Danny Mac Giolla Easpaig, Eoghan Mór Ó Baoill, Paddy Ó Duibhir, Seosamh Mac Con Midhe, Antoin Mac Ruairí, Séamus Diamond, Jim Mac Pháidín agus Pádraig Ó Fríl.


(5)       1945 v Béeal Átha Seanaidh 4-5/1-6 Leitir Ceanainn

Buaiteoirí Craobh Sinsir 1945

Eddie Mac Giolla Easpaig, Hughie Tim Ó Baoill, Jackie Ó Gallchóir, Jimmy Mac Giolla Bhríde (Butty), Francie Ó Maonaigh, Séamus Ó Cearnaigh, Eoghan Mór Ó Baoill, Danny Mac Giolla Easpaig, Jim Mac Pháidín, Séamus Diamond, Hiúdaí Ó Gallchóir, Antoin Mac Ruairí, Willie Ó Gallchóir, Paddy Ó Duibhir agus Hughie Dunlop.


(6)      1946 v N. Adhamhnán 0-7/0-6 Leitir Ceanainn

Buaiteoirí Craobh Sinsir 1946

Jimmy Mac Comhaill, John Ó Gallchóir, Jackie Ó Gallchóir, Jimmy Mac Giolla Bhríde, Hughie Ó Baoill, Séamus Ó Cearnaigh, Paddy Ó Duibhir, Eoghan Mór Ó Baoill, Danny Mac Giolla Easpaig, Pádraig Ó Gallchóir, Hiúdaí Ó Gallchóir, Willie Ó Gallchóir, Hughie Dunlop, Micheál Ó Gallchóir agus Aodh (Tood) Ó Gallchóir.


(7)      1947 v N. Adhamhnán 1-9/0-3 Machaire Gáthlán

Eddie Mac Giolla Easpaig, Hughie Ó Baoill, Jackie Ó Gallchóir, John Ó Dúgáin, Conall Mac Giolla Bhríde, Séamus Ó Cearnaigh, Paddy Ó Duibhir, Aodh (Tood) Ó Gallchóir, Danny Mac Giolla Easpaig, Jim Mac Pháidín, Willie Ó Gallchóir, Antoin Mac Ruairí, Micheál Ó Gallchóir, Don Ó Colla agus Hiúdaí Ó Gallchóir.


(8)      1949 v N. Adhamhnán 2-12/3-4 sna Gleanntaí

Bhuail Gaoth Dobhair Naomh Adhamhnán i gcluiche ceannais iontach ar na Gleanntaí I 1949 ach ba é an cluiche leath-cheannais a chríochnaigh cothrom in éadan Ard a’Rátha ar an Dumhaigh is mó a thabhaigh caint agus clú an bhliain sin.

Neilly Ó Maolagáin, Aodh Ó Fríl, Jackie Ó Gallchóir, Bernard Mac Giolla Chomhaill, Hughie T Ó Baoill, Séamus Ó Cearnaigh, Paddy Mac Aoidh, Danny Mac Giolla Easpaig agus Micheál Ó Gallchóir, Pádraig Ó Gallchóir, Joey Ó Gallchóir, Antoin Mac Ruairí, Micheál Mac Giolla Chearra, Jimmy Ó Colla agus Hiúdaí Ó Gallchóir.


9-11 Rinne Gaoth Dobhair an 3-in-a-row idir 1953 – 1955.

Ní raibh le spáráil acu ach pointe in éadan Charn Domhnach i 1953 (Paddy Coyle R.I.P 2018 go ndéanaí Dia a mhaith air, I measc na Laoch). Ba i 1954 a bhain Gaoth Dobhair a gcéad cluiche ceannais I mBealach Féich – bhuail siad Baile Dhún na nGall agus i 1955 bhuail siad Naomh Adhamhnán ar na Gleanntaí sa chluiche ceannais, cé go mba é an choimhlint iontach leis An Clochán Liath thiar buaicphointe na bliana.


(9)      1953 v Carn Domhnach 1-5/1-4 Leitir Ceanainn

Buaiteoirí Craobh Sinsir 1953

Eddie Mac Giolla Easpaig, Seán (Stout) Ó Gallchóir, Nonnie Ó Gallchóir, Bernard Mac Giolla Chomhaill, Pádraig Mac Aoidh, Pádraig Mac Giolla Chomhaill, Charlie Ó Cnáimhsí, Hughie Mac Giolla Chomhaill, Micheál Ó Gallchóir, Cormac Ó Breisleáin, Antoin Mac Ruairí, Pádraig Ó Gallchóir, Micheál Mac Giolla Chearra, Connie Mac Giolla Bhríde (Mór) agus Paddy Mac Giolla Chearra.


(10)      1954 v Dún nan Gall 3-6/05 Bealach Féich

Buaiteoirí Craobh Sinsir 1954

Joe Ó Baoill, Seán Ó Gallchóir, Nonnie Ó Gallchóir, Bernard Mac Giolla Chomhaill, Pádraig Mac Aoidh, Hughie T. Ó Baoill, Charlie Ó Cnáimhsí, Hughie Mac Giolla Chomhaill, Connie Mac Giolla Bhríde, Cormac Ó Breisleáin, Willie Ó Gallchóir, Pádraig Ó Gallchóir, Pádraig mac Giolla Chomhaill, Pádraig Mac Giolla Chearra agus Antoin Mac Ruairí.


(11)       1955 v N. Adhamhnán 1-7/1-4 sna Gleanntaí

Buaiteoirí Craobh Sinsir 1955

Thady Ó Gallchóir, Seán Ó Gallchóir, Nonnie Ó Gallchóir, Bernard Mac Giolla Chomhaill, Pádraig Mac Aoidh, Packie Mac Giolla Easpaig, Charlie Ó Cnáimhsí, Connie Mór Mac Giolla Bhríde, Micheál Ó Gallchóir, Liam Ó hIcí, Hughie T. Ó Baoill, Antoin mac Ruairí, Pádraig Mac Giolla Chomhaill, Pádraig Mac giolla Chearra agus Pádraig Ó Gallchóir.


(12)      1961 v An Clochán Liath 2-5/0-6 Leitir Ceanainn

Buaiteoirí Craobh Sinsir 1961

Den chéad uair riamh casadh Gaoth Dobhair agus an An Clochán Liath ar a chéile I gcluiche ceannais an chontae ar an 10ú Meán Fómhair 1961 I Leitir Ceanainn. Bhain Gaoth Dobhair 2-5/0-6. Ach is iad pointí Jackie Coyle in éadan fhoireann Sheán Mhic Cumhaill ar an Chlochán Liath a mhaireas sa chuimhne.

Pat Mac Niallais, Hughie T. Ó Baoill, Seán Ó Gallchóir, Micheál Ó Dochartaigh, Cagthal Mac Giolla Chearra, Eoghan Mac Giolla Bhríde, Pat Ó Gallchóir, Pádraig Mac Giolla Bhríde, John Ó Duibhir, Dónall Ó Breisleáin, Cormac Ó Breisleáin, Neilly Ó Gallchóir, Jackie Mac Giolla Chomhaill, John Mac Suiibhne agus Tom Ó hIcí. (Ionadaí Tomás Mac Fhionnghaile)


(13)      2002 v Naomh Adhamhnán 1-11/ 0-10 Bealach Féich

Foireann Craobh 2002 leis an corn

Tháinig an Gorta Mór ansin agus mhair sé go dtí Craobh na Bliana 2002 a críochnaíodh ar Dhomhnach na Slat 2003 nuair a fuair Gaoth Dobhair bua gan choinne ar Naomh Adhamhnán 1-11/0-10.

1 Seán Nonnie Ó Gallchóir, 2 Seán Neansaí Ó Gallchóir, 3 Niall Mac Aoidh, 4 Breandán Ó Baoill, 5 Colmán Mac Cumhaill, 6 Mícheál Ó Dochartaigh (caipteán), 7 Caoimhín Ó Casaide, 8 Mícheál Mac Eamharcaigh, 9 Rónán Mac Niallais, 10 Seán Ó Duibhir (0-2), 11 Piaras Mac Giolla Chomhaill, 12 Brian Mac Aoidh (0-1), 13 Manny Ó Gallchóir, 14 James Ó Gallchóir (0-5), 15 Stiofán Ó Casaide (1-2). Ionadaithe (a húsáideadh) Éamonn Mac Aoidh, Tómas Ó Duibhir, Brian Ó Gallchóir (0-1), Ruairí Mac Cumhaill.


(14)       2006 V Naomh Adhamhnán 1-5/0-6 Bealach Féich

Buaiteoirí Craobh Sinsear 2006

Agus bhain Gaoth Dobhair an Chraobh den cheathrú uair déag nuair a bhuail siad Naomh Adhamhnán arís 1-5/0-6 i mBealach Féich – Na searbhóntaí dílse Stiofán Ó Casaide (1-1) agus James Ó Gallchóir (0-4) ag aimsiú na scór.

Seán Mac Suibhne, Christopher Mac Pháidín, Niall Mac Aoidh, Seán Mac Gairbheith, Dónall Mac Giolla Bhríde, Éamonn Mac Aoidh, Seosamh Ó Dufaigh, Caoimhín Ó Casaide, Mícheál Mac Eachmharcaigh, Pádraig Mac Gairbheith, Cornelius Ó Gallchóir, Brian Mac Aoidh, Tomás Ó Duibhir, Stiofán Ó Casaide (1-1) James Ó Gallchóir(0-4). Ionadaithe: Rónán Mac Niallais, Seán Ó Duibhir, Ruairí Mac Cumhaill, Colmán Mac Cumhaill, Séamus Ó Cearbhaill.


(15)      2018 V Naomh Conaill 0-17/1-7 Bealach Féich

Clg Gaoth Dobhair celebrate after winning the Donegal GAA Senior Football Championship at MacCumhaill Park. Photo Geraldine Diver

Christopher Mac Suibhne, Gary Mac Pháidín, Niall Mac Aoidh, Christopher Mac Pháidín, Niall Ó Fríl, Ciarán Mac Giolla Easpaig, Odhrán Mac Pháidín Ó Fearraigh, Dáire Ó Baoill(0-2), Odhrán Mac Niallais (0-8), Cian Ó Maolagáin (0-2), Naoise Ó Baoill, Éamonn Mac Aoidh, Éamonn Ó Colm (0-2), Caoimhín Ó Casaide (0-2), Mícheál Ó Cearbhaill.

Ionadaithe: Donalll Mac Giolla Bhríde, Séamus Ó Cearbhaill, Peadar Mac Aoidh, Gavin Mac Giolla Bhríde, Seaghan Ó Fearraigh, Neasán Mac Giolla Bhríde, Conor Mac Eachmharcaigh, Cathal Seán Ó Dochartaigh, Seán Cundy Ó Dochartaigh, Seán Boyler Ó Baoill, James Ó Baoill, Ryan Ó Ceallaigh, Séamus Ó Gallchóir, Gavin Mac Suibhne.

Ba é Odhrán Mac Niallais laoch an chluiche


An tAthair Seán Ó Gallchóir