Bunaíodh fochumann Ghaoth Dobhair ag cruinniú i dtigh Mhaighréad Frainc i mBaile Bhriaghní i Samhain na bliana 1931. Bhí rath ar an triú
hiarracht seo le fochumann a bhunú sa pharóiste.

Bunaíodh Coiste Contae Dhún na nGall de C.L.G i mí Dheireadh Fómhair 1905 agus bunaíodh “The Gweedore Hurling and Football Club”
(nó na Gweedore Old Celts) taobh istigh de mhí. Tháinig meath i ndiaidh na bliana 1907, meath a mhair gur athbhunaíodh an Coiste Contae in
Earrach na bliana 1919.  

Bhí dhá fhoireann as pobal Ghaoth Dobhair – Gaoth Dobhair agus na Derrybeg Emmets – ag imirt i gCraobh na Bliana 1922 ach is cosúil go
dtáinig lagtrá eile ansin.

Bhí peileadóirí as Gaoth Dobhair ag imirt don Chlochán Liath go dtí gur bunaíodh fochumann Ghaoth Dobhair i nGeimhreadh na bliana 1931.
Níorbh fhada go raibh fochumann bríomhar agus foirne láidre ag Gaoth Dobhair.

Bhain Gaoth Dobhair Craobh Mionúr na Contae i 1933 agus ‘34 agus Craobh na Sinsear agus na Sóisear in 1935.

I lár na ndaicheadaí, bhain siad ceithre Chraobh Shinsear as a chéile agus trí cinn as a chéile sna caogaidi. Bhí meas, ómós, clú agus cáil ar
Chumann Ghaoth Dobhair fud fad na contae.

Ba é Hiúdaí Beag Ó Gallchóir an t-imreoir a ba mhó le rá sna daicheadaí. Bhí sé ar fhoireann Uladh a bhain Corn an Bhóthar Iarainn in 1942 agus ‘43.
Bhain Gaoth Dobhair Craobh Shinsear na Contae in 1961, ach taobh amuigh den rath a bhí orthu i gComórtas Peile na Gaeltachta, bhí gorta fada craoibhe ann go 2002. Ach níor múchadh an lasair i mblianta an dorchadais agus coinníodh ag streachailt go dícheallach in am an anáis. Bhí dlúthbhaint ag Gaoth Dobhair le bunú Chomórtas Peile na Gaeltachta 1969. Bhain siad an Comórtas Náisiúnta trí huaire roimh dheireadh an chéid agus d’fhan dílis dá mbunphrionsabail.


Bhí Antoin Ó Cearbhaill ar fhoireann Dhún na nGall a bhain Craobh Shinsear Uladh in 1972 agus bhí Neilly Ó Gallchóir ar an fhoireann i 1974.


I 1984 agus Cumann Lúthchleas Gael ag ceiliúradh céad bliain a bhunaithe, fosclaíodh Club Theach úr an Chumainn. Sa bhliain 2012 agus Comórtas Náisiúnta Peile na Gaeltachta ar siúl i nGaoth Dobhair don seachtú huair, tógadh seomraí feistis úra agus an dara páirc peile.


In 2002, bronnadh an chéad ghradam All Star ar imreoir de chuid anfhochumainn, Caoimhín Ó Casaide. Bronnadh an dara Gradam All Star
ar Chaoimhín in 2011 i gcuideachta imreora eile de chuid an Chumainn, Neil Mc Gee. Bronnadh gradam All Star ar Neil in 2012 agus 2014 fosta.

In 2018, bhain foireann sinsir Ghaoth Dobhair Craobh Shinsear Club Uladh nuair a bhuail siad An Bhoth 0.13 v 0.12 sa chluiche ceannais indiaidh am breise. Tá cúig chraobh déag sinsear bainte ag Gaoth Dobhair,

Bhí an Cumann dílis i gcónaí do Scór Sinsear agus Scór na nÓg. D’éirigh go geal linn le cúpla bliain anuas ag na comórtais sin.  Tá an pheil Gaelach agus Cumann Lúthchleas Gael lárnach i saol phobal Ghaoth Dobhair agus dlúthcheangal ag an phobal ar fad leis an chumann. 
Is fochumann láidir Gaelach agus Gaeltachta muid, agus tús áite á thabhairt againn i gcónaí do bhunspriocanna Chumann Lúthchleas Gael agus dár dteanga.

 
Tá go leor imeachtaí san Ionad i Machaire Gathlán gach oíche sa tseachtain le freastal a dhéanamh ar an phobal.


In 2032, beidh CLG Ghaoth Dobhair ag ceiliúradh cead bliain a bhunaithe.